20221101_IRISH_an_bhrasail:_lula_caithreimeach,_bolsonaro_ciuin

0 Views· 11/01/22
Learn Irish with daily podcasts
0

<br /> <br /> jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xumkqs8 Contact: irishlingos@gmail.com Brazil: Lula stormy, Bolsonaro quiet. An Bhrasaíl: Lula caithréimeach, Bolsonaro ciúin. It has been confirmed that the left-wing candidate Luiz Inácio Lula da Silva won the presidential election in Brazil. Tá sé deimhnithe gurbh é iarrthóir na heite clé Luiz Inácio Lula da Silva a bhuaigh an toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl. Very little – 50.9% of the vote against 49.1% – was between him and the current president, Jair Bolsonaro from the right wing. Fíorbheagán – 50.9 faoin gcéad den vóta le hais 49.1 faoin gcéad – a bhí idir é agus an t-uachtarán atá ann faoi láthair, Jair Bolsonaro ón eite dheis. Lula asked the people of Brazil to come together peacefully in view of the result of the election. D’iarr Lula ar mhuintir na Brasaíle teacht le chéile go síochánta i bhfianaise thoradh an toghcháin. Jair Bolsonaro has not yet officially accepted the result and it is not clear if he will. Níl glactha go hoifigiúil fós ag Jair Bolsonaro leis an toradh agus níl sé soiléir an nglacfaidh. Lula, who is 77 years old, has already served two terms as president between 2003 and 2010. Chaith Lula, atá 77 bliain d’aois, chaith sé dhá théarma ina uachtarán cheana idir 2003 agus 2010. However, he was convicted of corruption in 2017 and sentenced to prison the following year. Ciontaíodh é in éillitheacht in 2017, áfach, agus gearradh téarma príosúin air an bhliain dar gcionn. The conviction was quashed last year on the grounds that the court was biased against him. Cuireadh an ciontú ar neamhní anuraidh ar an mbonn go raibh an chúirt claonta ina aghaidh. It has been alleged for several months by Jair Bolsonaro and his supporters that the electronic voting system was predetermined by Lula’s supporters. Tá sé á líomhnú le roinnt míonna ag Jair Bolsonaro agus a lucht tacaíochta go raibh an córas vótála leictreonaí réamhshocraithe ag lucht tacaíochta Lula. Bolsonaro’s supporters also allege that there is a conspiracy against him by the courts, the media and other institutions in Brazil. Líomhnaíonn lucht Bolsonaro freisin go bhfuil comhcheilg ar bun ina aghaidh ag na cúirteanna, na meáin chumarsáide agus forais eile sa Bhrasaíl. Speaking at a large rally in São Paulo – Brazil’s largest city – Lula revealed that he faced a devastating challenge. Ag labhairt dó ag slógadh mór i São Paulo – an chathair is mó sa Bhrasaíl – thug Lula le fios go raibh dúshlán mór millteach roimhe. The hunger, the economic recession, the poison in the flesh of the two political wings of each other and the deforestation of the Amazon – there are all these major issues and others on the list to be counted, he said. An t-ocras, an cúlú eacnamaíochta, an nimh san fheoil atá ag an dá eite pholaitiúla dá chéile agus dífhoraoisiú na hAmasóine – tá na mórcheisteanna sin ar fad agus eile ar an liosta le háireamh, ar sé. He also criticized J

Show more

 0 Comments sort   Sort By


Up next