20230910_IRISH_laghdu_praghas_fuinnimh_fogartha_ag_sse_airtricity

0 Views· 09/10/23
Learn Irish with daily podcasts
0

<br /> <br /> jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ylb34zcm Contact: irishlingos@gmail.com Energy price reduction announced by SSE Airtricity. Laghdú praghas fuinnimh fógartha ag SSE Airtricity. SSE Airtricity has announced that they are to reduce energy prices. Tá sé fógartha ag SSE Airtricity go bhfuil siad lena bpraghsanna fuinnimh a laghdú. They are to reduce electricity charges by 12% and gas charges by 10% from the beginning of November. Tá siad le táillí leictreachais a laghdú 12 faoin gcéad agus táillí gáis a laghdú 10 faoin gcéad ó thús mhí na Samhna. The company has approximately 700,000 customers and it is estimated that they will save an average of €384.55 per year as a result of this reduction. Thart ar 700,000 custaiméir atá ag an gcomhlacht agus áirítear go sábhálfaidh siad €384.55 ar an meán sa mbliain de bharr an laghdaithe seo. SSE Airtricity’s managing director, Klaire Neenan, revealed today that the company understands that people are under enormous pressure given the ever- rising costs of living. Thug bainisteoir stiúrtha SSE Airtricity, Klaire Neenan, le fios inniu go dtuigeann an comhlacht go bhfuil brú ollmhór ar dhaoine i bhfianaise na gcostas maireachtála atá orthu, atá ag ardú de shíor. Since wholesale prices have recently fallen, and continue to fall, energy companies have been urged for several weeks to reduce customer charges accordingly. Ó tá praghsanna mórdhíola tite le deireanas, agus ag titim i gcónaí, táthar ag tathant ar chomhlachtaí fuinnimh le roinnt seachtainí táillí custaiméirí a laghdú dá réir. Last year, SEE Airtricity was the first energy company to announce that they were going to reduce prices to support domestic customers. Anuraidh, bhí SEE Airtricity ar an gcéad chomhlacht fuinnimh a d’fhógair go raibh siad lena bpraghsanna a laghdú chun tacú le custaiméirí baile. They also set up a €25m support fund to help vulnerable customers. Chuir siad ciste tacaíochta ar bun freisin a raibh €25m euro ann chun cuidiú le custaiméirí leochailleacha. Yesterday, the largest energy supplier in the State, Electric Ireland, announced that they are to reduce electricity charges by 10% and gas charges by 12% from the beginning of November. Inné, d’fhógair an soláthraí fuinnimh is mó sa Stát, Electric Ireland, go bhfuil siad le táillí leictreachais a laghdú 10 faoin gcéad agus táillí gáis a laghdú 12 faoin gcéad ó thús mhí na Samhna. This is the first time Electric Ireland has reduced charges since energy prices began to plummet due to the war in Ukraine. Seo é an chéad uair ag Electric Ireland táillí a laghdú ó thosaigh praghsanna fuinnimh ag daoirsiú mar gheall ar an gcogadh san Úcráin. Last year, in fact, the company raised energy charges three times. Anuraidh, go deimhin, b’amhlaidh a d’ardaigh an comhlacht táillí fuinnimh trí huaire. Energia announced last week that they were to reduce energy charges by 20% next month and Pinergy indicated that they would reduce electricity charges by 9.5% from

Show more

 0 Comments sort   Sort By


Up next